Raidió Rí-Rá
Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá ina dtugaimid léirmheas ar albaim, scannáin, leabhair agus a thuilleadh ná é atá go mór i mbéal an phobail Ghaeilge. Faigh cupán tae nó gloine fíona, lig do scíth agus roinn do thuairimí linn faoin ábhar atá idir láimhe. Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta @raidiorira
An bhfuil amhrán Gaeilge nua-chumtha agat?
Tá an Comórtas Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach ‘27 ag lorg amhrán Gaeilge nua-chumtha le hionadaíocht a dhéanamh ar Éireann don mbliain 2027.
Labhair Aisling le Bríde de Róiste faoin gcomórtas agus faoi cad iad na rialacha más maith libhse cuir isteach air.
They Tried to Bury Us le Clare Sands
Labhair Aisling leis an gceoltóir, gníomhaí, snámhaí agus file Clare Sands faoina halbam nua 'They Tried to Bury Us', faoin camchuairt agus a gníomhaíochas.
Is féidir ticéid a fháil do chamchuairt Clare ar www.claresands.com
An é an 424 an bus is fearr ar domhan?
An 424, an bus íocónach a théann soir agus siar ó Chonamara go cathair na Gaillimhe. Is mó cuimhne agus scéil atá ag na Gaeil ón mbus céanna agus beidh siad sin á dtabhairt chun ardáin ag Féile Imram na bliana seo sa seó An 424: An Bus go dtí an Ghealchathair a bheidh ar siúl ar an 13 Samhain.
Labhair Aisling le Cúán de Búrca san eagrán seo faoin seó agus sheol lucht éisteachta RRR teachtaireachtaí gutha isteach lena scéalta fhéin ón mbus.
Is féidir ticéid a fháil do
Pygmalion as Gaeilge
Tá an comhlacht drámaíochta Aisling Ghéar tar éis leagan Gaeilge don dráma iomráiteach Pgymalion a chruthú agus iad ag dul ar an mbóthar leis timpeall na tíre an tseachtain seo chugainn. Labhair Aisling le scríbhneoir an dráma, Nuala Ní Néil, ar eagrán na seachtaine seo.
Coinne Chultúir le hAisling Moran
Tháinig Aisling Moran isteach go dtí an stúideó le labhairt faoin albam nua a bheidh á eisiúnt aici ar an 3ú Deireadh Fómhair sa Fumbally i mBaile Átha Cliath.
Is féidir ticéid a fháil ar leathanach Instagram Aisling @ceol_aisling
Éist le Raidió Rí-Rá ar an aip, ar DAB agus ar líne ag www.rrr.ie
Tar linn go hAirneán!
Bhí gig Airneán ar siúl againn aréir in Small Changes in Ínse Chór le Aisling Moran, And he, the fool & Rónán Ó Snodaigh. Seo chugaibh blaiseadh de!
Beidh an chéad oíche Airneán eile ar siúl i mí Dheireadh Fómhair i mBóthar na gCloch mar chuid d'Fhéile Splanc. Coimeád súil ar Eventbrite & Instagram RRR
Loch nEathach le Cassie Ní Chatháin
Tá an loch is mó in Éirinn, Loch nEathach, á phlúchadh ag algaí gormghlasa. Tubaiste thimpeallachta é, an loch a bhfuil na mílte ag brath air ag fáil bháis os comhair ár gcuid súl.
Bígí páirteach san fheachtas @saveloughneagh
Agóid ar siúl lasmuigh de Chnoc an Anfa ar an 26 Meán Fómhair
Comhdháil na Luathbhlianta le Gaeloideachas
Tá Gaeloideachas ag eagrú Comhdháil na Luathbhlianta a mbeidh ar siúl ar 17 Deireadh Fómhair in Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne, Baile Átha Luain. 'Ag fí na teanga' an téama atá ar an gcomhdháil agus labhair Nuala Ní Chonláin agus Katie Ní Riain faoi le hAisling ar eagrán an lae inniu.
Conas aire a thabhairt do na hormóin & don gcorp le linn an gheimhridh le Nell Ní Chíobháin
Labhair Aisling le Nell Ní Chíobháin ó @anam_nutrition maidir leis an leigheas atá ar fáil sa bhia, conas gur féidir linn oibriú lenár hormóin agus conas an córas imdhíonach a neartú le linn an gheimhridh.
Is féidir gach eolas faoi sheirbhísí Nell a fháil ar Instagram ag @anam_nutrition nó trí ríomhphost a sheoladh chuici ag [email protected].
Dublin By Dusk
Tá scéim nua seolta ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, an Roinn Chultúir agus Fáilte Ireland darb ainm Dublin By Dusk agus mar chuid den scéim beidh imeachtaí ar siúl agus roinnt áiteanna ag fanacht oscailte níos déanaí mar a bhíonn siad oscailte de ghnáth an Déardaoin deireanach de ghach mí. Ar Choinne Chultúir na seachtaine seo chun é sin a phlé tá Caoimhe Seoige ó Fháilte Ireland.
Macklemore agus Ed Sheeran - Cad é an scéal?
San eagrán Coinne Chultúir seo, labhraíonn Jade agus Aisling faoi chuile rud a thit amach idir Macklemore agus Ed Sheeran.
Má tá tuairim agat féin ar mhaith leat a roinnt, roinn linn é ar Instagram @raidiorira
Is féidir éisteacht le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B nó ar an aip
Lón Machnaimh: Kabin Crew & An Post
Labhair Aisling le baill an Kabin Crew, Aaron & Liadh Crew faoin dtogra nua atá ar bun acu leis An Post darb ainm Ag Baint Feabhais Amach.
Coinne Chultúir: Saoirse agus Spraoi le Evanne Kilgallon
Labhraíonn an t-aisteoir Evanne Kilgallon faoin dráma nua Saoirse atá á léiriú ag Dublin Fringe Festival, faoina cleachtas ealaíne, agus faoin tábhacht a bhaineann le spraoi sa lá atá inniu ann.
Lón Machnaimh: Irish for Parents
Labhair Aisling le Clodagh Ní Mhuirí ó Ghaeloideachas maidir leis an mol nua atá seolta acu darb ainm 'Irish for Parents', a thacóidh le tuismitheoirí atá ag iarraidh cabhrú lena bpáistí agus iad ag foghlaim na Gaeilge nó le tuismitheoirí atá ag iarraidh a bpáistí a thógaint trí Ghaeilge.
https://irishforparents.ie/
Lón Machnaimh: Ceathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath
Labhair Aisling le Maitiú Ó Casaide atá ceaptha ag Conradh na Gaeilge mar stiúrthóir ar Cheathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath.
Is féidir teagmháil le Maitiú ag [email protected].
Electric Picnic 2026 - Siúl Siar
Agus seachtain caite théis na féíle, tar ar Choinne Chultúir le Jade ⁊ Emma le léirmheas a fháil ar Electric Picnic 2026.
Idir buachphointí, íosphointí ⁊ mianta na bliana seo chugainn- tá neart le plé againn san eagrán seo!
Éist le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B nó ar an aip- am ar bith, áit ar bith.
Lón Machnaimh le Laoighseach Ní Choistealbha
Ar eagrán an lae inniu labhair Aisling leis an bhfile, scríbheneoir agus an scoláire Laoighseach Ní Choistealbha. Tá eagrán filíochta Laoighseach 'Mainistir na Feola' ainmnithe do ghradam Uí Shúilleabháin Oireachtas na Samhna 2026, an t-aon bhean agus an t-aon file ar an ngearrliosta. Seo an dara cnuasach uaithi agus bhíomar chomh sástá a bheith in ann an gradam agus a saothar trí chéile a phlé léi ar Lón Machnaimh.
An mbeidh an Ghaeilge ag na Oscars arís?
Ar eagrán na seachtaine seo labhair Aisling le Damian McCann, stiúrathóir agus comhscríbhneoir an scannáin Aontas atá roghnaithe ag IFTA le hionadaíocht a dhéanamh ar Eireann ag na hOscars.
Is féidir féachaint ar Aontas saor in aisce ar sheinnteoir TG4.
Lón Machnaimh: Dornaclaíocht & Oidhreacht Katie Taylor
Tá an tír ar fad ag ullmhú do throid deireanach Katie Taylor an deireadh seachtaine seo, agus theastaigh uainn labhairt faoi le Adam Mac Con Midhe, a dhéanann ranganna dornálaíochta trí Ghaeilge i dTamhlacht. Labhair sé liom faoina ghnó fhéin, na buntáistí a fhaigheann sé ón ndornálaíocht agus an oidhreacht a bheidh fágtha i ndiaidh Katie Taylor.
Lean Adam ag @dornaclaiocht
Lón Machnaimh: The Last Gaeltacht le Ryan Carlin
Labhair Aisling leis an gcruthaitheoir Ryan Carlin faoin fhíschluiche atá á chruthú aige darb ainm The Last Gaeltacht, ina bhfuil ar charachtair an Ghaeltacht dheireanach sa tír a shábháil ó lucht an Bhéarla.
Níl an cluiche ar fáil go fóill ach is féidir é a réamhshábháil ar Steam.
Lón Machnaimh: Amhrán na Laoch
Tá comórtas cumadóireachta amhrán Gaeilge á reáchtáil mar chuid de Mhí Cheoil na hÉireann arís i mbliana, le tacaíocht ó An Post, Gael Linn, Hot Press agus Cumann Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann.
Is é Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair 2026, an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha agus labhair Aisling le Críostóir Mac Afraidh faoin gcomórtas agus na duaiseanna atá ar fáil do na buaiteoirí.
Coinne Chultúir: Breith suas agus cuimhní na bhféilte
Tá Emma, Aisling agus Jade ar ais sa stiúideo le chéile!
Breith suas linn agus muid ag déanamh plé ar an nuacht is déanaí i saol an cheoil agus ag cuimhneamh siar ar scéalta na bhféilte ceoil thar na blianta!
Labhrímid faoin scannán nua 'Tony', ré nua Fontaines D.C., comh maith le buachphointí ⁊ ceachtanna foghlamtha ag na bhféilte ceoil.
Éist le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B agus ar an aip
Coinne Chultúir: Achoimre ar ATN, saol gan Instagram agus The Backrooms
Tar ar Choinne Chultúir le Jade ⁊ Aisling!
San eagrán seo insíonn Jade dúinn faoi conas mar a bhí All Together Now agus faighimid uasdátú ó Aisling maidir le conas atá ag eirí leí gan Instagram na laethanta seo... i measc neart eile!
Éist le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B ⁊ ar an aip xoxoxo
Scileanna Caillte le Common Knowledge
Is é an sprioc atá ag Common Knowledge ná cuid de na scileanna dúchasacha atá caillte againn a mhúineadh don chéad ghúin eile, le muinín a chothú agus comhoibriú a spreagadh. Reachtálann siad cúrsaí deireadh seachtaine ar bhunscileanna tógála agus inbhuanaitheachta chomh maith le meithleacha agus seisiúin ceoil.
Beidh féile ar siúl acu an deireadh seachtaine seo i gContae an Chláir darb ainm Rekindle, le ceolchoimreancha, ceardlanna agus seisiúin eolais, agus an chuid is mó de saor in aisce.
Is féidir gach eolas...
Lón Machnaimh: Géarchéim Tithíochta do Mhic Léinn i nGaillimh
Labhair Aisling le Cathal Ó hÉigeartaigh, Leas Uachtarán don Ghaeilge le Comhaltas na Mac Léinn i nGaillimh faoin ngéarchéim tithíochta do mhic léinn sa chathair agus faoin gcomharchumann tithíochta a theastaíonn uathu a bhunú.
Lón Machnaimh: Cad é 'Foraois'?
Labhair Aisling le foireann Foraois atá ag iarraidh an Ghaeilge a leathnú amach ó gheataí na scoile go pobail fud fad Bhaile Átha Cliath trí chlubanna óige agus spóirt.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le foireann Foraois trí ríomhphost a chur chuig [email protected] nó trí leathanach instagram na scéime ag @foraois.ga
Coinne Chultúir le Lisa Murray
Labhraíonn Lisa Murray le Jade Beo maidir leis an singil nua atá eistithe aici 'Céim ar Chéim', a céad albam a bheidh ag teacht amach i mí Mheán Fómhair darb ainm Abhaile, agus conas mar a bhraitheann sé filleadh uirthi féin.
Love Island, The Muppets ag an gCorn Domhanda & Amhrán an tSamhraidh
Pléann Jade & Aisling taispeántas leathama Chorn an Domhain, Love Island agus cad é amhrán an tsamhraidh i mbliana.
Is féidir éisteacht le Raidió Rí-Rá ar an aip, ar DAB agus ar rrr.ie
Coinne Chultúir le Niamh Keane
Tar ar choinne chultúir le Niamh Keane!
Tá singil nua Niamh, 'Tar Aníos' ar fáil anois.
Éist le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B nó ar an aip
Lón Machnaimh: Cad é an scéal le hionaid sonraí?
Tháinig scéal amach le gairid go n-úsáideann ionaid sonraí 23% de leictreachas na hÉireann agus theastaigh uainn níos mó a fhoghlaim faoi seo. Mar sin labhair Aisling leis an eolaí Colin Doyle futhú.
Éist le Raidió Rí-Rá ar an aip, ar rrr.ie agus ar DAB.
ADHD in Éirinn leis an Dochtúir Christina Kini-Seery
San eagrán seo, labhraíonn Jade faoi ADHD le Dr Christina Kini-Seery, atá mar thaighdeoir iardhochtúireachta in Ollscoil Mhaigh Nuad, agus faoi phlean stráitéiseach 2026-2030 ADHD Ireland a seoladh le gairid.
Tá nascanna ar fáil thíos do na hacmhainní luaite le linn an agallaimh:
Aip ADHD in adults - Apple
Aip ADHD in adults - Android
Cúrsa UMAAP le ADHD Ireland
How To ADHD - Youtube
How to help someone with ADHD - Youtube
Suíomh gréasáin ADHD Ireland
Plean stra...
Bainis Taylor Swift, albam Olivia Rodrigo & gigeanna rúnda?
Tá foireann RRR ar fad le chéile don eagrán seo chun sceideal Phicnic Leictreach, bainis Taylor Swift, ceol nua Charli xcx agus go leor leor eile a phlé!
Lean sinn ar na meáin shóisialta ag @raidiorira
'An Mháthair' ag Fleadh Scannánaíochta na Gaillimhe
Labhair Aisling leis an scríbhneoir Seán Keeley faoin ngearrscannán is déanaí leis darb ainm 'An Mháthair', a bheidh le feiscint an tseachtain seo mar chuid de Fleadh Scannánaíochta na Gaillimhe.
Gach eolas faoi na ticéid anseo: https://tht.ie/
Lón Machnaimh: Ceol 's cos le Caoimhe Ní Mhaolagáin
Labhair Aisling le Caoimhe Ní Mhaolagáin, rinceoir agus ceoltóir, atá ag iarraidh cultúr an cheoil thraidisiúnta a dhéanamh níos inrochtana do chách tríd a leathanach instagram @ceol_s_cos
Tá sí tar éis an domhan a thaisteal ag seinm agus ag rince agus ba mhaith léi gach rud atá foghlamtha aici i gcaitheamh na mblianta a roinnt le hoiread daoine agus is féidir.
Comhrá le Blue Niall
Bhí deis ag Jade suí síos agus labhairt leis an gceoltóir agus ealaíontóir Blue Niall ar choinne chultúir na seachtaine, idir cúrsaí ceoil go ceist an choilíneachais is beag ábhar nár chlúdaigh siad.
Lón Machnaimh: Conas pobal sláintiúl, Gaelach & inbhuanaithe a chruthú ón mbonn aníos le Clíodhna Ní Mhianáin
Táimid ag dul ó thuaidh ar eagrán na seachtaine seo go baile beag gaelach i gcontae Dhoire darb ainm Carn Tóchair. Seans nár chuala cuid agaibh faoin mbaile seo cheana, ach le déanaí mhol coiste Oireachtais na Gaeilge go mbeadh sé ina pholasaí ag an Rialtas múnla Charn Tóchair a leanúint chun ceantair ‘Ghaeltachta’ a fhorbairt i ngach contae sa tír taobh istigh de 20 bliain. Siar i 1992, bunaíodh Coiste Forbartha Charn Tóchair le dul i ngleic le bánú an cheantair. Theastaigh uathu pobal tuaithe inbhuanaithe a chruthú, le daoine folláine, sona...
Lón Machnaimh: Cogar seo liom!
An bhfuil ardán meán sóisialta Gaeilge uait? Gan IS? Gan fógraí? Sin atá i gceist le Cogar! Labhair Aisling le cruthatheoir na haipe, Rónán Ó Laoire, ar eagrán na seachtaine seo.
Ceoltóirí Éireannacha le dath le cur le do sheinnliostaí
I ndiaidh na gcíréabacha lofa a thit amach i mBéal Feirste an tseachtain seo caite, theastaigh ó fhoireann RRR solas a leagadh ar cheoltóirí Éireannacha le dath a chuireann go mór lenár gcultúr,le ceol agus le hanam na tíre seo.
Ceol luaite san eagrán:
Amano - Thread Aby Coulibally - Control Monjola - Weight On Me Cable Boy - Icarus Bukky - don't tell them you suffer Mohammad Syfhkan - I am Kurdish
Nasc le hairgead a dheonú do na daoine a bhí buailte ag...
Lón Machnaimh: Conas gur féidir linn pobail mhionteangacha a chumasú & a neartú?
Ar eagrán na seachtaine seo labhair Aisling le Conchúr Ó Giollagán faoin dtorga Eorpach Fosterlang atá ag iarraidh pobail mhionteangacha na hEorpa a chumasú agus a neartú le go bhfásfaidh said agus go mbeidh siad an fhód a sheasamh i gcoinne mórtheangacha an domhain sa todhchaí. Is féidir leatsa cabhrú lena gcuid oibre tríd an suirbhé Gaeilge a líonadh isteach atá ar fáil anseo: https://odk.al.uw.edu.pl/-/single/JbgcKEOaVC3FOQGaO112EcuTxAGPtg4?st=UZok4!e2jWBIoKud9KZDihGStKAYEAbYI2fhrZgsBlBGQk7QFZTa3C8m9OV8ioRL
Lón Machnaimh: Cad é an Ghaeilge ar Zaddy?
Tá mí an bhróid bualite linn agus labhair Aisling le baill Aerach Aiteach Gaelach faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl acu i gcaitheamh na míosa idir bál agus comhdháil. Is féidir ticéad a fháil do na himeachtaí atá luaite ar https://www.aerachaiteachgaelach.net/
Is féidir tacú le Raidió Rí-Rá trí sinn a leanúint ar na meáin shóisialta.