Barrscéalta
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Colm Breathnach agus Niamh Ní Bhaoill
Beidh foireann fear Naomh Adhamhnain agus foireann ban Naomh Columba ag imirt i gcraobhacha peile Chuige Uladh an deireadh seachtaine seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Shane Barr – Ace Promotions
Ag caint faoi aFómhair Fest a bheas ar siúl i nGaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Deirdre Ní Bhraonáin – Garraíodóir Chluain na dTorr
Mír rialta le Deirdre faoi chúrsaí nádúr agus garraíodóireachta, eolas inniu ar fhadhbanna le duilleoga ag tirim do chrainn faoin am seo bliana, faoi an úsáid is fearr le baint as feoil puimcín aimsir na Samhna agus comhrá bheag faoi Dhónal Lunny.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Micheál Ó Curraighín as Teileann
Le cúpla scéal taibhsiúil dúinn agus oíche Shamhna a ceiliúradh againn an deireadh seachtaine seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
An Comhairleoir Contae Dakota Nic Mheanman
Roghnaíodh an Comhairleoir Nic Mheanman as Bealach Féich ar Choiste na Réigiúin den Aontas Eorpa ar ghrúpa na n-ionadaithe Tofa Óga.ag ócáid a eagraíodh sa tSicil le gairid.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Fear na Ríomhairí Andy Caomhánach
Mír rialta le Andy faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta, comhairle inniu faoi na rudaí le déanamh le bheith réidh do dhroch aimsir agus stoirmeacha.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
An taispeántas 'Ciall - Mothú den Ghaeltacht'
Tá an taispeántas 'Ciall - Mothú den Ghaeltacht' ar siúl sa Ghailearaí sa ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, labhair Conor Ó Gallachóir leis an tOllamh Lillis Ó Laoire agus Nuala Ní Fhláthúin.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
An Dr Seosamh Ó Ceallaigh
Rinneadh leacht chuimhneacháin in ómós do Paul Edmund Strzelecki as an Pholainn a nochtú sna Gleannta le gairid mar gheall ar an obair a rinne sé anseo in Éirinn le linn an Ghorta Mhóir.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
An Dr Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig
Mír rialta leis an Dochtúir Delap le plé inniu ar na fadhbanna leanúnacha in Aonad Éigeandála Otharlann Leitir Ceanainn, fadhbanna leis an tseirbhís Nowdoc agus an vacsaín in éadan an fliú agus Covid i measc ábhair eile.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
An Leabharlannaí, Denis Mac Géidigh
Ag caint faoin acmhainn úr scríbhneoireacht chruthaitheach atá ar fáil anois do bhunscoltacha ar fud Dhún na nGall forbartha ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Donna Ní Ghallchóir Gleann Colm Cille
Beidh ócáid ar siúl tráthnóna inniu i Seanscoil na Carraige, ag toiseacht ar 7 a chlog dírithe ar chúrsaí meabharshláinte agus sláinte an phobail. In through – Better Together ainm na hócáide.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cartlann na Céadaoine
Mar a labhair Seaghan Ó hAodha le Rónán Mac Aodha Bhuí, go ndéanfaidh Dia mhaith air, sa bhliain 1997 faoi thaibhse a bhí sa teach ina raibh sé féin ag fanacht ann am amháin chomh maith le droch fhuinneamh eile a bhí sa teach fosta dar leis.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Scoil Naomh Dúigh Anagaire
Thug Hannah Ní Dhomhnaill cuairt ar Scoil Náisiúnta Naomh Dúigh in Anagaire mar chuid de chamchuairt atá sí ag déanamh ar scoileanna Gaeltachta sa chontae agus labhair sí le daltai na scoile chomh maith le cuid den fhoireann.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Pacáiste ó Seó na Samhna – Dreadwood
Thug Michelle cuairt ar siúlóid na Samhna “Dreadwood” ar an Fhál Carrach agus fuair sí blaiseadh don atmaisfeár scanrúil a bhí ansin.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Joe Ó Cuilleann ó choiste Charraig Airt
Fógraíodh buaiteoirí Chomórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhara ansin ag an deireadh seachtaine ag ócáid a bhí ar siúl i bPáirc an Chrócaigh agus don dara blian as a chéile d’éirigh le Carraig Airt gradam na Gaeltachta a bhaint sa chomórtas
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Aodhán Ó Baoill, Tuairisceoir ón Anderstown News
Chinn Cúirt i mBéal Feirste inniu go ndearna Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann Chris Bryant “cinneadh dlithiúil” nuair a chur sé cos car mhórshiúl ar Bhóthar Gharbh Achaidh níos luaithe an mhí seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Jack Mac Iomhair Iriseoir leis an nuachtán “An Páipéar”
Mír nuachta na Sé Contae, plé inniu an scéal is deireanaí i bPort An Dúnáin, faoi bhaile an tSratha Bháin a bheith ar an ghearrliosta do Baile Cultúir na Ríochta Aontaithe agus faoi cheiliúradh na Samhna i gcathair Dhoire Cholmcille.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
An Garda Siobhán Ní Chathmhaoil.
Mír rialta le ball don Gharda Síochána sa Chontae ag cur síos ar eachtraí éagsula a tharla sa chontae le seachtain agus ag tabhairt eolas don phobal.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mír Ómóis Dhónail Lunny
Fuair an ceoltóir Dónall Lunny, de bhunadh Rann na Feirste, bás Dé hAoine. Labhair a chara Maighréad Ní Dhomhnaill faoi an aithne a chí aici ar Dhónal.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Fógairt buaiteoirí ‘Gradaim na Gaeltachta’
Michéal Mac Giolla Easbuig, Bainisteoir Réigiúnach Údarás na Gaeltachta anseo i nDún na nGall agus Frances Ní Bhaoill ó Chomhlacht an Halla Mhóir ar an Chlochán Liath.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste
Mír grinn seachtainiúil le Mary Aggie.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2026
Tá Laura Ní hAoidhne, Mary Claire Nic Uilliam, James Mac Einrí agus Cara Jane Nic Giolla Chomhaill ar an ghearrliosta do ghradam Réalta Óga na Bliana.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Deirdre Ní Bhraonáin
Mír rialta faoi chúrsaí garraíodóireachta agus plandaí.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Laura Nic Grianna & Michelle Uí Mháirtín
Chuaigh muid go Contae Mhuineacháin agus foirgnimh úra ag Gaelscoil Eois i gCluain Eois agus Gaelscoil Lorgáin i mBaile na Lorgan le hoscailt go hoifigiúil.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach
Mír rialta faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta, ag caint inniu ar na fadhbanna atá le cuid mhór suíomhanna idirlín mar gheall ar ionsaí atá déanta ag intleacht shaorga ar na córais ríomhaireachta PHP atá ag feidhmiú i gcuid mhór suíomhanna idirlín.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Dympna English, aintín Mark English
Tá Saoirse na Contae le bronnadh ar an lúthchleasaí as Leitir Ceanainn, Mark English an chéad fhear as Éirinn a bhain bonn óir ag na Craobhchomórtais Eorpacha i mBirmingham Shasana níos luaithe i mbliana.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Dónall Ó Ceallaigh as Baile na Finne ó dhúchas.
Is cumadóir agus amhránaí clúiteach é Dónall a bhfuil cónaí air anois i Frankfurt na Gearmáine. Labhair sé linn faoi amhrán úr atá cumtha aige 'Cogar na hOíche' agus faoi mar atá an saol sa Ghearmáin faoi láthair.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Rónán Mac Grianna, Scoil Naomh Lorcán, Óméith
Tá léirithe spéise a lorg ag Scoil Naomh Lorcán in Óméith i gContae Lú ó thuismitheoirí maidir leis na féidearthachtaí atá ann an scoil a aistriú isteach ina Ghaelscoil.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap
Mír rialta leis an DocHtúir Delap, plé inniu ar an mhí feasachta Ailse Brollaigh atá ar siúl faoi láthair, ar dhrugaí le meáchan a chailleadh agus ar mheabhairshláinte na bhfear.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Clar na dTaibhsí
Geraldine Mhic Giolla Easbuig, John Jude Ó Duibheannaigh, Pádraig Ó Cearrbhaill, Anne Mhic Eamharcaigh, Áine Ní Bhreisleáin, Pól Ó Searcaigh, Máire Uí Choilm agus John Ó Canainn.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
An Garda Pádraig Mac Phaidin
Mír rialta le ball den Gharda Síochána.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Maria Coleman
Tá Áislann Rann na Feirste ag reáchtáil Campa Ealaíne ón seisiú lá fichead go dtí’n t-ochtú lá fichead den mhí seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
John Campbell
Bhí cruinniú ag scairshealbhóirí Chláirsigh na Finne le plé a dhéanamh ar an infheistíocht de idir 8 & 9 milliún euro atá a molta ag an infheistitheoir Freddy Gonzalez.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Caitlín Ní Bhroin
Beidh fothoghchán ar siúl do shuíochán sa tSeanad sa choicís amach romhainn agus beidh Caitlín Ní Bhroin as Machaire Rabhartaigh san iomaíocht.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh
Tá litreacha faighte ag roinnt polaiteoirí a bhí i láthair ag an agóid a bhí ar Bhóthar Gharbhachaidh ó Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Owenie Mac Gairbheith
Ag caitheamh súil siar ar chluiche ceannais sinsear peile na contae a bhí ar siúl inné idir Naomh Adhamhnáin agus Naomh Conaill.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Pacáiste ó Chluiche Ceannais Sinsear Peile
D'éirigh le Naomh Adhamhnáin Craobh Shinsear Peile Dhún na nGall a bhaint inné i ndiaidh daofa bua de phointe a fháil ar Naomh Conail.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Fergal Ó Coigligh
Sheol Fergal Ó Coigligh leabhar “Ar Theacht an tSamhraidh” le Brendan Ó Dufaigh ag ceiliúradh céad bliain Choláiste Bhríde, Rann na Feirste.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Darren Ó Dubhgáin iriseoir le Tuairisc.ie
Ag cur síos ar scéalta móra sna sé contae inniu.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Seán Ó Conacháin ón ghrúpa Sábhail Bá Bhaile an Easa
An scéal is deireanaí leis an fheachtas le cosc a chur ar fhorbairt feirmeacha i mBá Bhaile an Easa i gCloich Cheann Fhaola.
See omnystudio.com/listener for privacy information.